Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 055
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Rí ann aon uair amháin agus bhí nighean aige. Ní rabh meas ar bith ag bean an Rí ar an nighean.”
Bhí Rí ann aon uair amháin agus bhí nighean aige. Ní rabh meas ar bith ag bean an Rí ar an nighean. Bhí bean bheag eile ina teach bheag eile agus bhí sí leithe fhéin. Rinne an Rí teach beag do a nighean agus rinne. Nuair a bhéadh an bidh reidh ag bean an Rí achan lá bhí an Rí dá thabhairt ag a nighean. Shil bean an Rí gur an bhean bheag a bhí dá tabhairt agus lá amháin a bhí an bhean bheag ag dul tharth ag an doras sgairt bhean an Rí isteach uirtí agus dubhairt sí leithe an rabh síse ag fághall an bidh a bhí sise ag déanamh réidh dobhta fhéin agus dubhairt an bhean bheag na rabh.
D'innis an bhean bheag dithe go rabh an Rí dhá thabhairt do a nighin. Rinne an beirt aca suas lá eighinteacht a bhéadh an Rí ag imthigheacht ar a chuid laithe saoire go mbhainfeadh siadsean an ceann dá nighin. Nuair a d'imthigh an Rí chuaidh bean an Rí agus an bhean bheag ag nighean an Rí agus dubhairt siad leithe muna mbéadh a leitheadh seo déanta aice roimh an oidhche go mbhainfeadh siad an ceann dithe. Tháinig fear beag eile tharth darbh ainm Jack bheag an cota leathair agus dubhairt sé le nighean an Rí go dhéanfadh seisean an rud sin dite dhá bposádh sise eisean agus dubhairt sise go bposádh. Rinn sé an rud sin dithe.
Ní rabh an dhá bhean abalta an ceann a thabhairt do'n nighean. Bhí na laithe saoire caitte ag an Rí agus bhí sé ag teacht abhaile agus ní rabh fhios aca cáide a déanamh siad agus d'iarr siad ar Jack bheag an nighean a marbhadh. D'iarr Jack bheag ar bhean an Rí na bróga a baint de'n nighean agus bhain acht nuair a fuair Jack greim ar bhean an Rí chaith sé amach í agus mharbh sé í.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Gallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall