Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 072
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cnoc na hAmadan:- An cnoc os ar gcionn annseo. Thigeadh seachran ar daoine fa mullach an cnuic seo agus ní bhíodh siad abalta an baile a bhaint amach ar feadh fada go leor. Tá sé ar an taobh ó tuaidh den sgoil seo.
Srath na Bratóige:- Nuair a theich na Sasanaigh ó Leitir Ceanann. Tainig siad go dtí an ait sin agus throid siad cat ann agus marbugadh cuid mhór daoine Nuair a bhí siad ag fagail d'fag siad mórán eudaigh 'na ndiaidh agus tugadh an tainm sin air an ait in.
An Chlochan:- San t-sean am ní rabh droichidacha ar an abainn mar tá anois act bíodh clocha trasna na habhna le dul treasna ortha. Ba é seo an priomh doigh le teacht ar an abhainn.
An Chaiseal:- Tá sean altoirí le feicealt annsin go foill, an áit ar leigheadh Aifreann in aimsear na dlíghthe Piannaideacht. Caiseal - Carnan cloch.
An Bhrochaighe:- Fado bhíodh cuid mhór ainmidhthe allta beo fa'n áit sin agus tugadh an brocaigh ar ina ndiaidh. Brocach an sean ainm ar pluais.
Baile-bo-bainín:- In aon am amháin ní rabh ar an bhaile sin act bó beag ban amháin. Beirtear baile an bó bainin ar an áit sin ó soin.
Mín na gCramh: Lean airm Crommhell leo gur casadar ar airm eile ag Mín na gCnamh agus troideadh cath eile annsin. Ní dheirtear ce bhuaidh acht gur minic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamas Mac an Ultaigh
- Inscne
- Fireann