Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí na Fiannaibh amuigh ag seilg lá amháin agus chonnaic siad caisleán mór. Bhí dhá dhoras ar an chaisleán - ceann ar an chúl agus ceann ar thoiseach. Chuaidh siad isteach agus shuidh siad acht ní rabh siad i bhfad ina suidhe go bfacaidh siad an doras ag imtheacht de'n chúl agus an ghaoith ag teacht ins an doras eile.
D'éirigh siad le dhul amach acht ni rabh siad ábalta no bhí siad sáithte ins na cathaoireachaibh. Thainig fear eile de na Fiannaibh agus bhí sé ag dul isteach acht sgairt siadsan leis fanacht amuigh no go rabh siad faoi geasa. Rinne sé sin acht d'iarr siad air fosta a dhul síos go dtí an chaorann agus nuair a tcífeadh sé néal ag dul thart sgaoileadh leis no gur trí mac ríghte a bhí ionnta. D'iarr siad air an fhuil a dhórtughadh sé cuid di a chuimilt ar a bhonnaibh agus an cuid eile a thabhairt leis agus a chuimilt orthasan.
Chuaidh sé go dtí an chaorthann agus níor b'fhada go dtainig sé arais agus an fhuil leis agus chuimil ortha é. Acht ní rabh go leór aige fa choinne fear darb' ainm Conal agus shíl siad gur mhór an truaighe é a fhágailt agus tharraing siad as an chathaoir é. D'fhág sé cuid de a chroiceann ins an chathaoir agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu "Conal bhuidhe sgálta a tugtar air.- Bailitheoir
- Aodh Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Muighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall