School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0286
- XML “Mná agus Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa Fearfeasa agus bhreathnuigh só thart díreach is dá mbeadh sé ag tabhairt ár ndubhshlaín agus chuir sé an sgéal seo dhe gan aon chuireadh eile. Tá sé suas agus anuas le fiche bliadhain ó shoin anois (arsa Fearfeasa) agus bhí mé ag dul ar aonach Thuama le bhó a cheannacht. Ar an gCéadaoin a bhí an t-aonach le bheith ann agus ós bóthar fada a bhí le dul agam, de shiubhal chos, Dhfágas an teach sáthach moch Dia Maírt. Bhí píosa maith de'n bhóthar curtha 'm dhiadh agam agus an ghrian ag dul faoi nuair a chualas an ceol dob aoibhne dár chuala cluas duine ariamh b'fachthas dom istigh uaim i bpáirc leathtaobh an bhóthair.B'ait liom sin mar bhí an áit uaigneach acht bhreathnuigheas isteach thar an gclaidhe, agus mé ag ceapadh [agus me ag ceapadh] gur ar mo chluasaibh a bhí; má seadh. is(continues on next page)
- Collector
- Treasa Ní Dhíolúin
- Gender
- Female