Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon obair le déanamh anois le hais na daoine a bhí an fadó. Bhí orra an t-éadach a bhí gá n-úsáid aca a dhéanamh iad féin. Bhíodh go leor lín gá dhéanamh aca. Sé an caoi a déantaí é. Cuiridís an síol sa talamh agus nuair a bheadh sé fásta agus an líon aipighthe séard a gnithí leis é a tharraingt as an talamh agus nuair a bheadh sé sáthach stáluighthe bhuailtí é ar nós poineann coirce agus bhaintí an rós as. Bháithidís annsin an líon i bportach móna i n-áit nach mbeadh aon iarann thríd an uisge. Fágfaidhe annsin seachtain nó mar sin é. Thógtaí as an bportach annsin é agus sgairtí amach ar an talamh bán é go dtriomuigheadh sé. Bhíodh cliath aca le é triomú freisin. Bhíodh teine aca faoin gcliath. Chuiridís ar an lota annsin é go ceann tamall go mbeadh sé sáthach cruadh. Bhuailtí annsin le slis é go mbeadh sé acluighthe go maith. Bhíodh slis mhin aca annsin le é a dhéanamh sleamhann le h-aghaidh an túirne. Bhíodh siostal aca annsin agus tharraingtí thríd an líon é leis an gcolg a bhaint as. Sé an sórt rud a bhí sa siostal píosa adhmaid a raibh fiacla géara ann. Nuair a bheadh an méid sin déanta bhíodh an líon réidh le h-aghaidh an túirne. Sé an tuirne a ndéanadh an snaithe de. Nuair a bheadh an méid sin déanta bhíodh an snáithe réidh. Annsin thugtaí chuig an bhfigheadóir é le h-aghaidh braitlín a dhéanamh de.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Flaithbhearthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Ceannabáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe