Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 154
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3. Níl fhíos ag duine cá bhfuil an bhróg ag lagad ar an duine eile.
4. Is congnam don bhróg an baraoil.
5. Is í capall na h-oibre an biadh.
6. Ní creidtear an fhirinne ó fhear dhéanta na mbréag - 1. Ní tig leis an ngobán an dá tráigh a fhreastal.
2. Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn a luc ag rinnce
3. Tuigeann fear léiginn leath-fhocal
4. Bionn adharca fada ar na buadhaibh tar lear
5. Ní tig leat an croiceann is a luach dfághail
6. Dá méad é an t-ól seadh is mo é an tart.
7. Dá méid an deifir seadh is mo an mhoill.
8. Giorruigheann beirt bóthar. Sean-fhocal é agus tá sgéal faoí. Bhí fear ann fadó agus ní raibh aon páiste aige. Lá amáin tháinig sgoláire bocht isteach agus dubhairt sé lé fear an tighe go mbearfaí mac do agus go mbead sé an cliste. Rughad páiste dhóib tamall i na dhiaidh ach cailín a bhí ann. Bhí buachaill i dteach eile ar an mbaile agus tug bean an tighe an cailín don bean eile ar an mbuachaill mar shil sí go mbeadh an buachaill an chliste. Nuair d'fás an buachaill suas ní raibh sé cliste chor ar bith acht bhí an cailin an chliste. Ní raibh fhios ag an athair nach é a mhac fhéin a bhí ann. Faoí cheann tamaill phós an buachaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe