Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá dá raibh Fionn ag siubhal amach casadh sean bhean dhó. D'fhiafruigh sí dhe an imróchadh sé cluiche cártaí. 'Níor thug mé mo chuid cártaí liom indiu', a deir Fionn. 'Níor fhág mise mo bhaile féin a deir an t-sean bhean gan mo phaca cártaí bheith ar iomchar agam'. Ní dhearna sí annsin ach stríoca a tharraingt ar an tráigh le cána a bhí in a láimh, agus rinne sí bord. Tharraing sí stríoca eile ag gach aon cheann dhe, agus rinne sí péire cathaoireacha. Chuir sí lámh in a póca agus tharraing sí aníos paca cártaí.
Dubhairt sí le Fionn suidhe isteach nó go n-imireochaidís cluiche. Bhuaidh Fionn an chéad chluiche. 'Tabhair do bhreith a Fhinn', a deir an t-seanbhean. 'Beidh mé luath go leor, nuair a imireochas muis cluiche eile', d'fhreagair sé. Bhuaidh an t-sean bhean an darna cluiche. 'Cuirim-se de bhreith ort a deir sí gan stopadh ná cómhnaidhe a dhéanamh nó go dtuga tú chugam cloigeann Rí na Binne Bogaige'.
'Cuirim-se de bhreith ort-sa a deir Fionn a dul ar stuaic an teampaill sin thall, punann tuighe a bheith ar bhinn de, pota uisge a bheith ar an mbinn eile, snáthad mór a bheith in do ghlaic, agus gan de bhiadh ná de dheoch a thabhairt nó go dtaga mise ar ais ach an méid a gheobhfas tú as an bpunann tuighe agus as an bpota uisge trí cró na snáthaide móire'. A! tóg diom an geasa, agus tógfaidh mise dhíot-sa é a deir an t-sean bhean. 'Deamhan a thógfad' a deir Fionn,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe