Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bhreith a thug tú tógaim é, agus an bhreith a cuirtear orm fulaingim í'.
Chuaidh an bhean ar stuaic an teampaill, agus chuaidh Fionn abhaile. Maidin lae ar na bhárach, réidhthigh sé é féin le dul ag tóruigheadhacht an Righ. Ghabh sé go dtí an fhairrge 'san áit a raibh an soitheach aige. Sheol sé amach ar an bhfairrge, agus tráthnóna, chonnaic sé soitheach eile tamall maith uaidh agus í ag déanamh air. Ba ghearr an t-achar go raibh an dá shoitheach chomh gar le chéile gur bheannuigh sé fein agus an fear a bhí sa soitheach eile dá chéile. Ní raibh innte ach an fear amháin agus de réir mar labhair sé le Fionn, bhí aithne aige air. 'An misde dhom a fhiafruighe díot a deir sé cá bhfuil tú ag dul nó céard a chas an bealach seo thú'. 'Ni misde, tá mé faoi gheasa ag sean bhean gan stopadh ná cómhnaidhe a dhéanamh go dtuga mé chuice cloigeann Rí na Binne Bogaige'. ' Bhuel, má dhéanann tú mo chomhairle a deir an fear eile le Fionn, casfaidh tú abhaile, agus ní ghabhfaidh tú níos fuide. Níl aon ghoir agat go bhfuil tú in ann a dhul isteach ins an áit a bhfuil sé sin in a chomhnaidhe le'n a bhfuil de dhraoidheacht aige, gan trácht ar bith ar an ceann a bhaint dhe. Níl aon fhear sa domhan in ann an ceann a bhaint de sin muna mbaine mise dhe é, agus níl aon lá ó tháinig mé in aois fir nach bhfuil mé i ndiaidh mo shásamh a bhaint dhe. Freisin, tá mé faoi gheasa ag mo bhean a bheith sa bhaile arís gach tráthnóna. Ach! ó casadh tusa liom a deir sé le Fionn rachaidh mé isteach in do shoitheach anois in éindigh leat, agus sgaoilfidh mé mo shoitheach féin le gaoith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe