Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 409
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé arís. Gheall 'Oiread m'Ordóige' dóibh agus leog siad saor é.
    Ba ghearr in a dhiaidh sin go raibh bean ag déanamh putóg. Ba mhaith le 'Oiread m'Ordóige' an rud do bhí sí ag cur isteach ann a fheiceáil. Leim sé isteach ann, agus shúgh an pudóg síos é. Nuair a chuir an bhean an pudóg síos ina an bpota do dhoirt sí uisge os a chionn. D'airigh 'Oiread m'Ordóige' an t-uisge agus bhí sé ag speachadh na gcos agus ag dul anonn agus anall nó gur phléasg sé an putóg san bpota. Rug an bhean air agus thug sí do thinncéar a bhí ag dul thart é. Nuair a fuair 'Oiread m'Ordóige' deis ar an measgán a chur as a bhealach, chuir sé a chloigeann amach as an bputóig. Bhí faitchíos a chroidhe ar an dtinncéar agus chaith sé uaidh an phutóg. Bhí 'Oiread m'Ordóige' ag siubhal nó go dtáinig sé amach as, agus annsin bhí sé saor arís.
    Tháinig sé abhaile chuig a mháthair agus aice a bhí an fáilte roimhe. Mhúch sí le pógaibh é, agus thriomuigh agus ghlan sí é le gruaig a cinn féin. Lá, bhí an mháthair ag dul ag bleaghan na bó; thóg sí léi é. Bhí an lá go h-ana ghaothmhar agus bhí faitchíos uirri go sguabfadh an ghaoth léi é. Leag sí ar liodán é, agus bhí an bhó ag ithe fhéir. An chéad nóiméad eile bhí sé i mbéal na bó. 'Cá bhfuil tú, a mhaicín?' a deir an mháthair. 'Táim anseo i mbéal na bó' a deir sé. Phléasg an mháthair bhocht ag caoineachán. Tháinig faitchíos ar an mbó nuair a chuala sí an caoineadh. D'fosgail sí a béal, thuit 'Oiread m'Ordóige' amach as, agus sgiob sí léithe é.
    Lá eile dá raibh sé ag siubhal cois fairrge thuit sé isteach ann, agus shluig breac mór é. An lá céadna bhí fir ag iascach, agus mharbhuigh siad an breac. Thug siad an breac leo go dtí an Rí mar bhronntanas agus nuair a fosgluigheadh an t-iasc léim 'Oiread m'Ordóige' amach as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Cartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    10
    Seoladh
    Carna, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Caulfield
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85