Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste óir i bhfolach
Tá áit sa mbaile againne le bun an tsléibhe. Sé an t-ainm a thugann siad air an ''Dóirín''. Deirtear go bhfaca mo shean-athair barraille óir ann fadó. Nuair a chonaic sé é rith sé abhaile le n-é a innseacht, ach nuair a tháinig sé ar ais arís ní raibh sé le feiceáil. Dubhairt na daoine dá bhfágadh sé maide nó rud éicint air nach n-imieoiadh sé. Bhí siad ag ceapafh gurb iad na Dé Dannann a chuir ann é, agus go raibh draoidheacht air. Máire Bhreathnach Co na Gaillimhe a fuair é seo ó Thomás Breathnach Co na Gaillimhe, aois 56 blianta.- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaillimh
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gaillimh
- Pota óir i bhfolach
Bhí ciste óir i bhfoach i gCaisleán acadh na tubhar cuireadh ann é nuair a bhí na droch-daoine ag dul thart; fear saibhir a chuir ann é sa gcaoi nach bhfuigheadh aon duine é. An oíche seo, bhí air é a chur san áit ar araibh na Gealaighe amach amach mar bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)