Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé ag ceapadh gur fear saidhbhir a chuir ann é. Mar bhí fáithíos air go ngoidhfidhe uaidh é. Cárnán cloch atá ann. Tá fáithíos ar dhuine ar bith dul in aice leis. Oidhche amháin cartuigheadh é agus lá ar na bhárac nuair a chuaidh fear éicint as Rátha suas i gcoinne a chuid beithisheach bhreathnaigh sé suas ar an gcrocán. Chonnaich sé an cartadh mór a bhí déantha dubhairt sé leis féin ''meastú céard a rinneadh an cartadh millteach sin''. Chuaidh sé suas comh-fada leis an gcánnán agus céard a bhí déantha ach poll mór síos ina lár agus cipíní soluis caiththe thart timcheall ann poll. Bhí m'athair ag ceapadh gur taidhbsí a bhí ann mar bhíodh siad ag bualadh báire thart timcheall ar an gcárnán cloch
- Bailitheoir
- Treasa Ní Fhinneachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bartla Ó Finneachta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe