Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 294
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ce'n gaol aige liom?
Freagra. M'athair is ead é.
5) Ce'n sórt sgeach a suidheann coinín faoi, lá fluich?
Freagra. Sgeach fhluich.
6) Chuaidh sgór caora amach bearna.
lean sgór eile iad,
Annsin sé agus seacht.
Annsin dó faoí h-ocht.
Trí agus dó cé mhéid é sin?
Freagra. cúig cinn.
7). Cuaidh aodhaire agus a mhada amach bearna. Cé mhéid cos a chuaidh amach an bearna.
Freagra. Dhá chois.
8) Bí bean ag siubhal ar an mbóthar lá agus ál géabhaíl aici. Cas fear lei "Is deas é d'áilín ghéabha adeir sé; ach,dhá mbéadh oiread eile agus leath oiread eile agath bhéadh sgór agath" Cé méid gé a bhí aice?
Freagra. Ocht gcinn.
9) Cé'n taobh de'n bhó a sgallann an grian air lá bréagh Samhraidh.
Freagra. An taobh amuigh.- Bailitheoir
- Nápla Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe