Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuana agus leath chéad meadhchain ar a druim. Nuair a dól sí braon té, d'imthigh sí súas treasna na sléibhte go dtí aonach Uachtar Ard ag ceannacht bó bainne. Tháínig sí abhaile aríst an bealach céadhna, agus níor ith sí aon rud nó níór leig sí aon sgíth ar feadh an achair sin ach an cupán té a dól sí nuair a tháinig sí ó Gaillimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Báthadh Pádraig Ó Loideán as Port Ara, Mágh Cuillin, Co. na Gaillimhe i Loch Coirib sa mbliadain 1930. Ag déanamh poitín a bhí sé. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó taobh thall de'n Loch; d'éirigh stoirm agus báthadh é féin agus an méid a bhí aige.
    Dóigheadh teach Mícheál Ó Máille Gort a Challa MagCuillin, Co. na Gaillimhe sa mbliadain 1929. Nuair a bhí sé ag dul a chodladh, dfágh sé coinneal, gan coinnleor, ar a mbord, agus é ar lasadh. Nuair a bhí an choinneal ag dul as, dóigheadh an bord; agus thóig an teach ar fad teine annsin. Thainig se féin slán as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nápla Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe