Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 330
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ainmhidhe ánn, ar a dtugtar an easóg. Dath donn agus ruball fada. Deirtear dá gcaitheadh sé seile lé duine go bhfágadh an duine bás. Dá mbéadh bainne leagtha áit ar bith, agus dá n-oladh sé braon de, agus duine eile ar bith a n-oladh é go bhfágadh siad bás freisin, agus duine ar bith a fheicheadh easog, ba chóir dhó a rádh "beanín úsa lághach", trí úaire.
Tá ainmhidhe eile ánn, an broc, tá dath glas air. Duine ar bith a bhfágann sé grein air ní sgaoileann sé a greim, go gcloiseann sé an cnámh a bhrideadh. Uaireaccta briseann na daoine píosa do cipín, agus bíonn sé ag ceapadh go mbíonn an cnám briste.
Tá ainmhidhe eile, an gráomeg, bíonn sí sa gcoill agus bíonn dealgaí go leor uirthí. Tá craiceann uirthí agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rátha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- An Rátha, Co. na Gaillimhe