Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 335
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cineál broc ann, an broc muice agus an broc mada. Roimhe seo d-itheadh na daoine an an broc muice. D'iosfadh sé cearca. Deir na daoine dá mbéarfadh an broc ort nach sgaoilfeadh sé a ghreim go gcloisfeadh sé an cnámh ag breiseadh.
An Easóg:-
Bíonn an easóg i bpoll claidhe. Ní maith lé na daoine aon rud a dhéanamh air mar tá sé an-urcóideach. Deir na sean-daoine má chaitheann sé smuigairle leat go gcáillfí tú, agus má shiúbhlann tú ar an áit a mbíonn sé tar éis siúbhal air go mbeidh tú bacach go práthach. Is minic a bhíonns sé féin agus franncach ag troid. Marbhuigheann sé coiníní agus ólann sé a gcuid fola. Deireadh na sean-daoine dá n-abróchthá, "beanín uasal ládhach dá chluaisín airgid" leis nach mbacfadh sé leat.
An Mada-Chrainn:-
Is é an mada-chrainn a thugann na sean-daoine ar an iorraidh ruadh. Tá sé an-sgofánta. Itheann sé cna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe