Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 347
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá pisreoga ag daoine eile lé obair ar bith a thosnú ar an Satharn. Deireann daoine eile capall ar bith a rugadh ar Luan Cingíse nó ar Lá Bealtaine go marbhóchadh sé fear. Ní leigfeadh daoine eile braon bainne amach as a dteach ar Lá Bealtaine.
Bíonn "Laetheannta na Bó Riabhaighe" againn ó an ochtú lá ar fiche do Mhárta go dtí an ceathramhadh lá déag d'Aibrean. Tar eis an ceathramhad lá déag d'Aibrean bíonn fuacht na bliadhna imthighthe.
Bíonn Garbh-shíon na gCuach againn gach bliadhain. An t-ám a thagas an chuac is eadh é agus bíonn sé an fhuar.Deireann daoine muna mbeadh an coirce curtha roim theacht na cuaiche nach mbeadh aon mhaith ann.
Bríghid Ní Chonghaola, Polach- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Andrias Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Pollach, Co. na Gaillimhe