Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 375
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá leigheas ins an slánlus i gcóir bunnóg, a bhíonns ar chois dhuine. Tá dath uaithne air agus tá sé fada. Cuirtear billeogaí eidhean ar nioscóídí uaireannta. Tá leigheas ins an ngáirleog do'n Eitinn.Fásann plannda tríd an gcoirce ar a dtugtar Glunach Dhearg agus dá mbeitheá ag ceangailt coírce agus do mhéaracha a chur in aice le do shúile scólfadh sé iad, ach ní dhéanann sé aon dochar do'n coirce sílim.Itheann go leor daoine carraigín, mar tá sé go maith le h-aghaidh slaghdháin. Planndaí eile a itheanns na daoine an Duileasc, Samha agus Biolra. Fásann an Biolra in aice le fior-uisge agus is deas an plannda é le n-ithe. Cuireann said sallann air agus itheann siad amh (?) é. Itheann na beithigh gach sórt plannda a bhíonns ag fás ins an áit a mbíonn siad ag ithe agus ní dhéanann sé aon dochar dóibh. Tugann na daoine neanntógaí dona lachain beaga chun iad a bheathughadh. Tá leigheas ins a ' gcupóig sráide i gcóir doghadh neanntóige. Tá nimh ins na méarágaí (?) a bhíonns ag fás ar thaobh an bhothair. Deir daoine go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe