Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 385
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shamhna. Bíonn siad ag tumadh agus bíonn na trí fó- chupáin aca freisin. Bíonn uisge i gceann aca agus fainne i gceann eile agus cré ins an gceann eile. Cuireann páirce púicín air. Bíonn sé ag cur a láimh ins na fó-chupáin. Má chuireann duine a lámh ins an gcré gheobhfaidh sé bás roimh Oidhche Samhna arís. Má chuireann sé a lamh ins an uisge rachaid sé thar sáile agus má chuireann sé a lámh ins an gceann a bhfuil an fainne ann pósfar é. Bíonn cna aca agis cuireann siad ainm cailín ar ceann aca agus ainm buachaill ar ceann eile. Cuireann siad na cna ins an teine agus má léimeann siad lé céile pósfar iad, acht má leimean siad ó na chéile ní pósfar iad. Milleann na buachaillí go leór cabáiste an oidhche sin. Caitheann siad ar an mbóthar an cabáiste agus bíonn brat bán cabháiste ar an mbóthar ar nós sneachta ar maidin. Lá Muire an Fóghmhair:-
Sé an 15 adh Lúghnasa lá Muire an Fóghmhair. Bíonn turas go Cnoc Muire an lá sin agus téigheann go leór daoine ann. Bíonn lúth cleasa ins an Ros Co. na Gaillimhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe