Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 388](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0067%2FCBES_0067_388.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 388
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 388
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá ach ní glacfadh sé tada in a dhiaidh agus níl aon mhaith aon bhlas a mharbhughadh dó muna marbhuigtear roimh an lá sin é. Bhí fear ann fado agus níor mharbhuigh sé tada do'n Naomh seo agus táinig guth san doras iadhta san oidhche agus séard a dubhairt an guth leis:_"Mise Mártan beannuighthe agus muna marbhuigidh tú do mhuc bhán beidh do mhac agam Peadar Óg"agus ar an bpoinnte d'eirigh an fear agus mharbhuigh sé an mhuc bhán in onóir dó. Tá rudaí gá marbhúghadh ag gach duine in onóir dó o'n lá sin amach.
SATHARN CÁSGAAg a dó dhéag a chlog maidin Sathairn Cásga bíonn an Carghaois caithte. Is maith le gach bean-tighe an teach a ghlanadh súas agus aol a chur ar na ballaí istigh is amuigh le h-aghaidh Domhnaigh Cásga. Is maith le gach duine freisin a dhul go Gaillimh an lá sin ag ceannacht bidh le h-aghaidh Domhnaigh Cásga, mar cácaí milse agus rudaí eile.
DOMHNACH CÁSGAIs lá mór féile Domhnach Cásga. Bíonn dinnéar mór ag gach duine an lá sin ag tabhairt onóir do Dia. Is maith le gach duine freisin go leor uibheacha a ithe an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- null
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- null
- Inscne
- Fireann