Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 390
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-eadh siad aon chos tínn gcaitheamh na bliadhna. Fágann na daoine cúpla fata le cur go go dtí Aoine Céasta sa gcaoi go mbeidh na fatał go maith aca. Ní labharann cuid de na daoine ón dó dhéag go dtí an trí Aoine Céasta mar sin iad na trí h-uaire a bhí ár Slánuightheoir ag fágháil bháis
Dá lá dhéag na Nodhlag:-
Siad dħá lá dhéag na Nodlag an dhá lá dhéag idir Lá Nodla agus lá nodlag beag. Lá Stiophán an lá in dhiaidh Lá Nodlag. Déanann cuid de na daoine obair an lá sin ach ní dhéanann an chuid is mó de na daoine aon obair. Téigheann na daoine timcheall leis an dreóilín an lá sin agus nuair a thaganns siad chuig an doras bíonn siad ag rád rann.
Lá cinn bliadna an chéad lá saoire eile:-
Deirtear aon rud a dhéanann tú an lá sin go mbeidh tú dhá dhéanamh í gcaitheamh na bliadhna. Lá Nodlag Bheag an chéad lá saoire eile:-
An oidhche roimhe sin lasann na daoine an dhá choinneall dhéag. Piocann chuile dhuine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe