Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 413
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh aontaighe fadó ag na daoine í Mágh Cuilinn agus in Eiscir. Thagadh na daoine ó gach paráiste agus bhíodh siad ag ceannacht mucaí. Bíonn siad ag ceannacht agus ag díol mucaí, caoraí, beithigh agus capla. Nuair a mbíonn siad ag ceannacht nó ag díol rud ar bith tugann siad airgid dóibh. Thagadh muinntir an sléíbhe go dtí an áit sin fadó agus tar éis tamaill do bhriseadar suas na h-aontaighe nuair a bhí an bóthar ó Gaillimh go dtí an Clochán mar bhí Sliabh an Aontaighe (?) as an mbealach agus is annsin do cuireadh na h-aontaighe ar bun í Mágh Cuilinn. Ní raibh na h-aontaighe fadó cosamhail leis na h-aontaighe atá ann anois. Bhíodh cuile shórt spórt aca. Bhíodh siad ag damhsa is ag ghábháil amhrán. Theigeadh na fir óga agus na cailíní óga go dtí gach aonach agus tiubhradh (?) gach fear óg beagnach bean abhaile leis agus phósfadh sé í. Tá go leor sean sgéalta ag na sean daoine í dtaobh na h-aontaighe a bhí ann fadó agus seo ceann aca.Fadó bhí fear ag teacht abhaile ón aonach agus bhí sé ar meisge. Do luighe sé síos ar thaobh an bhóthair agus thuit sé in a chodhladh, do dhúisigh sé suas agus chonnaic sé na sídhóga ag damhsa thart timcheall; do thugadar isteach é go dtí an ríogh mar bhí sé ag rádh an amhráin mí-cheart agus do chuir an rí dhá chruit air.
Áine Ní Chonchubhair
Croch a Bhrocháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe