Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm an duine a bhfuarthas an sgéal uaidh:- Sinéad Bean Uí Fineachta.
A sheoladh:- Gleann Treasna, Ros Muc.
A aois:- 65 bl.
An Áit ar tógadh é & 'nar chaith sé a shaoghal:- A Ghairim Bheatha:- Tóigeadh amuigh in Dúthaigh Sheóighigh í agus is ann a chaith sí tús a h-óige. 25 bl. a bhí sí nuair a phós sí Máirtín Ó Finneachta as Gleann Treasna & is ann a chaith sí an chuid eile dá saoghal. Cailleadh í sa mbliadhain 1936.An Bhean agus na trúir cailíní
Bhí bean ann fadó agus bhí trúir cailíní in aice lei. Chuaidh sí lá ag iarraidh duine acu le dhul in éinfeacht léithe. Lá annsin dubhairt sí leis an gcailín go raibh deich seómra sa teach agus go bhféadfadh sí chuile cheann acu a shiubhal acht an ceann a bhí ar chúl an dorais agus gurbh é sin seomra an óir agus gan a dhul san seomra sin. Dubhairt an cailín nach ngabhfadh agus d'imthigh an bhean. Nuair a d'imthigh sí chuaidh an cailín sa seomraagus chuir sí cuid den ór in a pócaibh. Bhí an bhean taobh amuigh ag an bhfuinneóig ag breathnúghadh isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sinéad, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)