Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 114
- XML “Ag Dul ar an Aonach”
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh salachar ar bith uirthi agus rinne sé staidéar. Sheas sé suas annsin agus thosuigh sé ag cuimhniú air fhéin go mba mhaith an bhróg í sin marach chomh fada uaidh is bhí an bhróg eile.
D'fhill sé ar ais annsin ag iarraidh na bróige eile. Nuair a tháinic sé ar ais bhí ceann dona beithidhigh goidte ag an ngadaidhe.
"Is dona an peidhre bróg orm-sa iad. Tá mo bheithidheach goidte uaim" adeir sé. Chuimhnigh sé annsin gurbh é fear as a bhaile féin a bhí ann agus thosuigh leis.
"A ghadaidhe agus a ghadaidhe. Má thagann mise suas leat beidh do bhás orm. Brisfidh mé do chos agus leonfaidh mé do lámh i gcaoi nac ngoidfidh tú aon bheithidheach aríst le do shaoghal. A Mhicheáilín shalach, nach tú a rinne an cheard ag robáil na gcomharsan agus an baile taobh thall dhíot." - Fadó nuair a bhí ganntan ar an saoghal bhíodh ar na daoine maireachtáil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Breahnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe