Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 134
- XML “Galraí”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Nuair a bhím-se san oidhche ag ól,
Bím-se sa ló ar an leabaidh,
Bíonn mo chroidhe dhá dhóigheadh
Nuair bíonn mo phócaí folamh."Bádóirí. Bhí bádóirí amuigh ag iasgaireacht lá. Is gearr gur mharbhuigheadar easco mhór. D'oscluigheadar í. Bhí siad le í a chur síos leis na fataí a bhí bruithte acu. Chuadar dhá chur síos agus dubhairt duine acu gáirleóg a chur uirthi.
"Aré", adeir sí, "Ní chuirfidh sibh aon gháirleóg orm-sa", ag tabhairt an fhairrge uirthi féin aríst. (gan teideal)
“Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí féin bhí galar go leór ortha.”
Nóirín, Bean Uí Mháille, Camus Uachtair, Casla, Co. na Gaillimhe a d'innis an seanchas seo ar leanas. Baintreabhach atá inntí le ós cionn cúig bliadhna déag, áit ar cailleadh a fear oidhche shneachta ar thaobh an tsléibhe agus é i ndiaidh a chuid caorach. 67 bliadhain d'aois atá sí anois agus deir sí gur óna fear a chuala sí bunáite a bhfuil annseo.
--
Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóirín Bean Uí Máille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe