Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm an duine a bhfuarthas an sgéal uaidh:- Máire, Bean Uí Fhineachta.
A seoladh:- Doire Fhatharta, An Cheathramha Ruadh.
A Aois:- 57 bl.
A Gairm-bheatha:- Bean Fheilméara.
An áit 'nar rugadh & 'nar tógadh é:- Is san áit'na bhfuil sí curtha fúithí faoi láthair a rugadh is a tóigeadh í. Ar theallach a tighe féin 'na h-óige a fuair sí na sgéalta seo ó'n a h-athair. An Gasúr agus Ór an Fháthaigh
Bhí gasúr ann fadó agus dubhairt sé nuair a bhéadh sé mór go n-imtheochadh sé leis agus d'imthigh. Tháinig sé go dtí teach an fháthaigh acht ní raibh an fáthach istigh. D'iarr sé a dhinnéar ar bhean an fháthaigh agus thug sí dinnéar dó agus dubhairt sí leis an dinnéar a ithe go beo agus d'ith. Bhí sé ag dul amach an doras agus chonnaic sé an fathach ag teacht agus d'iarr sé ar bhean an tíghe é a chur isteach faoin gcómhra. Tháinig an fathach isteach agus dubhairt sé go raibh fear as Éirinn san teach agus dubhairt an bhean leis nach raibh, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe