Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 072
- XML “Fir Rásaí”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na n-amhrán mar bhíodh sí a' buachadh airgid ortha.
Do bhíodh aithne aice ar na h-áiteachaí ar fad. I mBaile Átha Cliath a bhíodh sí go minic. Ní raibh aon aois aice, agus ní raibh sí mór ná beag. Bean bhreágh a bhí inti agus í lághach deas lé 'chuile dhuine. Bhí sí múinte agus ní raibh aon bhlas lé rádh aice lé aoinne. - Bheirim buidheachas agus moladh dhuit a Dhia as ucht gur shaothruigh tú agus gur shlánuigh tú ó'n oidhche mé. Tá súil agam a Dhia go gcuirfidh tú ar mo leas mé as seo amach. A Dhia, tá mé ag dul ag obair lé do chongnamh agus tá súil agam go nearteochaidh tú mé ar feadh an laé seo. Ámén.
Coiglímse an teine seo mar choigligheanns Críost grást Bríghid 'na bun is Muire 'na bárr, na cheithre Aingle is aoirde i gcathaoir na ngrást a'cúdach an tíghe seo is a dhaoine go lá. Crios Muire mo chrios, Crios na cheithre chrois. Má's fearr a ghabhfas muid thríd, Go mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Cínde
- Ainmneacha eile
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe