Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “An Sagart Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainm an duine a bhfuarthas an sgéal uaidh:- Máire, Bean Ní Fhineachta.
    A seoladh:- Doire Fhatharta, An Cheathramha Ruadh.
    A Aois:- 57 bl.
    A Gairm-bheatha:- Bean Fheilméara.
    An áit 'nar (to) rugadh & 'nar tógadh é:- Rugadh is tóigeadh san áit a bhfuil a chómhnaidhe ó shoin, i nDoire Fhatharta, An Ceathramha Ruadh. Ón h-athair a chuala sí na sgéalta nuair a bhí sí ag éirighe suas 'na gasúr.
    An Sagart Dubh
    Bhí fear ann fadó agus bhí mac leis 'na shagart. Bhí sé 'na chomhnuidhe insan teach in éinfheacht len a athair. Annsin san óidhche bhíodh daoine ag teacht isteach agus bhíodh siad ag cainnt ar go leór rudaí agus níor mhaith leis an sagart a bheith ag éisteacht leobhtha. Lá annsin dubhairt sé len a athair go gcaithfeadh sé teach a dhéanamh dhó. Annsin rinne a athair teach dhó sgathamh maith óna theach fhéin agus ní bhíodh aon duine ag teacht go dtí é.
    Óidhche sneachta nuair a bhí an sagart réidh le dhul a choladh buaileadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire, Bean Uí Finneachta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe