Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 060
- XML “An Bheirt Mhac”
- XML “Sidina, Stidina agus Steainín Ó Néaró”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac saidhbhear faoi na cláir. Stróic siad óna chéile é. Annsin bhí an teach agus an talamh ag an bhfear bocht uaidh sin amach.
- Ba beirt saidhbhear a bhí ins' Sidina agus Stidina agus ba fear bocht a bhí ins' Steainín Ó Néaró agus ní raibh aige acht aon bhó amháin. Mharbhuigh Stidin agus Sidin an bó sin fhéin air. Choinnigh sé an craiceann agus chuir sé glac pigneochai isteach ann agus lasg leis chuig aonach. Chuaidh sé i siopa ósta agus ghlaoidh sé pionnta. Bhuail Steainín buille ar an gcraiceann agus bhain sé píghin as. Bhuail sé buille eile air agus bhain sé pighin eile as agus ba shin luach an phionnta.
Rinne fear a' tsiopa an-iongantas dhe sin agus d'fhiafraigh sé de Steainín a' ndíolfadh sé an craiceann. "Dhíolfuinn", adeir Steainín, "dhá bfághadh mé cúig phunt air". thug an siopadóir an t-airgead dhó air agus lasg le Steainín abhaile. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraic Mac an Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Stiophán Mac an Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe