Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 107
- XML “Cailín na Leisce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo agus gan fios aice céard a dhéanfadh sí ach dubhairt an t-sean bhean leis an bPrionnsa go laigfeadh sí leis í go ceann leath bhliadhna "mar" ar sise ní fhéadfaidh mé thusa d'eiteach" Chuaidh an Prionnsa abhaile agus an bhean oibre le h-aghaidh a mháthar aige D'innis sé dá mháthair a fheabhas is bhí an cailín le gac obair. Thug an Bhainríoghan an t-ainm Máire uirthe annsin.
Chuaidh an cailín a chodladh an oidhche sin i seomra dí féin agus ar maidin lá ar na mháireach nuair d'eirigh sí cuireadh isteach i stór mór olann í agus dubhradh léithe an méid sin olann a bheith sníomhtha tráthnona agus éadach déanta dhé freisin.
Shuidh Máire bhoct síos gan fhios aice céard a dhéanfadh sí. Ba gearr a bhí sí in a suidhe síos nuair a tháinic sean bhean-ín isteach. "Céard atá ort" ars an t-sean bhean "Tuige nac bhfuilir ag obair" "Muise ní rinneas tada den obair seo aríamh agus níl fhios agam leis an amharnais [?] a chur ag obair" ars an cailín "An dtiubharfá do bhainis dom-sa dhá ndéanfainn an méid sin oibre dhuit?" ars an bean
"Muise sin é an rud is lugha dhom a thabhairt duit" arsa Máire
Bhí lámh mhór mhíllteach ar an t-sean bhean agus leag sí an lámh mhór seo ar na rudaí agus bhí siad ag obair nó go raibh an méid sin oibre déanta aice agus d'imthigh sí annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe