Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 133
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Béidh sé sin amhlaidh" adeir an fear strainséara agus d'imthigh sé. Agus ins an am céadhna san oidhche amáireach tháinic sé aríst agus chuaidh siad ag imirt agus d'imir mac a' Ríogh
"Tabhair do bhreith anois" adeir sé le mac a' Ríogh
"Bhfuil fhios agat" adeir mac a' Ríogh "an pháirc atá le taoibh na páirce ar chuir tú na caora"
"Tá fhios go maith" a deir an fear eile
Bíodh sí sin lán lán leis na beithidhigh is breághtha a chonnaic aon duine ariamh"
"Béidh sé sin amhlaidh" adeir sé agus d'imthigh sé leis agus níor tháinic sé aríst go dtí an oidhche lá ar na bháireach.
Nuair a tháinic isteach chuaidh siad ag imirt agus d'imir an fear strainséara.
"Tabhair do bhreith anois" adeir mac a' Ríogh
"Ní beag duit-se a thúisce" adeir sé "Cuirim faoí gheasa thú gan an dara greim a ithe ar an mbord, gan an dara deoch a ól as aon t-soitheach agus gan an dara néal a chodladh ar aon leabaidh nó go mbeannóchaidh tú trí h-uaire faoí mo doras-sa" agus d'imthigh sé
Bhí sé ag cur trioblóide móire ar mhac an Ríogh agus bhí sé ag imtheact as chuile lá agus bhí sé ingar a bheith cáillte sa deire agus ní raibh fhios ag an Rí céard abhí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe