Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 134
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh an Rí go dtí an sean fhear glic aríst agus d'innis sé a sgéal dhó agus dubhairt sé leis a dhul abhaile agus a chuid fear oibre a chur ag déanamh pol mór síos ins an talamh "agus nuair a cheapfas tú é a bheith déanta aca téigheadh tú féin agus an mac go dtí iad agus nuair a fheicfeas sé iad níl baoghal ar bith nac bfiafróchaidh sé cé le h-aghaidh atá siad ghá dhéanamh sin agus abair thusa leis gur le h-aghaidh é féin a chur síos beo ann agus an méid a cuireadh aníos as a chur síos ann aríst in a mhullach mara n-innseóchaidh sé céard atá air no cén fáth a bhfuil sé chomh dona sin."
    Rinne an Rí amhlaidh agus nuair a d'fiafruigh an Rí dá mhac céard a bhí air d'innis sé dhó go dtáinic an fear go dtí é agus gur imir sé féin dhá uair air agus gur h-imrigheadh air an tríomhadh h-uair agus gur cuireadh faoí gheasa gan an dara greim a ithe ar aon bhord gan an dara deoc a ól as aon t-soitheach agus gan an dara néal a chodladh ar aon leabaidh "agus ní bheadh muid indon é a sheasamh" adeir sé "Is fearr dhom imtheact in am ar thuairisc an fhir a chuir faoí gheasa mé" D'imthigh sé leis ar maidin lá ar na bháireach ar chapall agus bhí sé ag imtheact ar feadh an lae agus níor casadh aon teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe