Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 135](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070%2FCBES_0070_135.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 135
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 135
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...”
(ar lean ón leathanach roimhe)leis agus nuair abhí sé ingar a bheith in oidhche chonnaic sé teine agus chuaidh sé go dtí í agus chaith sé an oidhche annsin agus bhí brionglóid aige nac bhfeicfeadh sé Ridire na Coille Gluise [!] go deo nó go leigfeadh sé uaidh an capall.
Nuair dhúisigh sé ar maidin "bainfidh mé an lá indiu as an gcapall ar chum ar bith" adeir sé agus d'imthigh sé leis agus bhí sé ag imtheacht i gcaitheamh an lae agus ní fhaca sé teach ná duine no go raibh sé deireanach agus chonnaic sé teine eile agus chuaidh sé go dtí í agus chaith sé an oidhche annsin agus thuit sé in a chodladh agus bhí an bhrionglóid chéadna aríst aige. D'imthigh sé leis maidin lá ar na bháireach aríst ar an gcapall agus nuair abhí sé deireanach go maith trathnóna chonnaic sé teach uaidh agus annsin sgaoil sé abhaile an capall agus chuaidh sé go dtí an teach agus chuaidh sé isteach ann agus d'iarr sé lóisdín go maidin agus dubhradh leis go bhfuigheadh agus fáilte agus d'fan sé annsin go maidin agus d'innis sé a sgéal dóib agus dubhairt fear a tíghe go raibh dearbhráthair aige féin abhí trí céad míle as sin agus go raibh aithne aige ar an bhfear sin. "Ma tá féin" adeir mac a' Ríogh "cén lá a mbéidh mise annsin"
"Béidh tú ann ag an dó dhéag amáireach"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe