Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 136](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070%2FCBES_0070_136.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 136
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 136
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...”
(ar lean ón leathanach roimhe)adeir sé. Agus ar maidin thug sé péire bróga dhó agus dubhairt sé leis iad a chur air agus go dtiubharfadh siad go dtí teach a dhearbhráthara é agus nac mbeadh air ac a n-aghaidh thabhairt ar an mbaile aríst agus go dtiocfadh siadh féin abhaile.
Chuir sé air na bróga agus d'imthigh sé ar nós na gaoithe agus is gearr go raibh sé ag an teach agus thug sé aghaidh na mbróg ar an mbaile agus dimthigh siad as amharc (afarc).
Dubhairt fear a tíghe leis nac raibh aon aithne aige féin air ac go raibh dearbhrathair aige abhí trí céad míle as sin agus go raibh aithne aige air
Thug sé péire bróga annsin dhó agus d'imthigh sé ar nós na gaoithe agus is gearr go raibh sé ag an teach agus d'innis fear a tíghe dhó annsin cá raibh an teach agus bheannuigh sé trí h-uaire faoí'n doras agus d'imthigh se abhaile annsin agus chaith sé trí bliadhna ag teact abhaile agus is iomdha uair a chuaidh sé thrí chontabhairt ar abhealach abhaile agus nuair a tháinic sé bhí siad ag ceapadh na raibh sé beo chor a' bith agus chuir siad fáilte mór roimhe agus bhí féasta aca ar feadh seactmhaine.- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe