Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-fheairín na Feasóige Léithe :
Bhí mac ríogh ann fadó agus ba é an ceard a bhí aige ná ag íasgach. Lá amháin dá raibh sé ag íasgach tháinic sean-fhear go dtí é ar a dtugaidís "Sean Fheairín na Feasóige Léithe" air agus d'fhiafruigh an Sean-fheairín air an imthreóchadh sé cluiche cáirtí agus dubhairt mac an ríogh go n-imrreochadh sé. Bhí £300 ar an gcluiche acu agus 's bhuaidh mac an ríogh na £300. Tá go maith ar san sean-fheairín annsin agus as go bráth leis.
Tháinic mac an ríogh abhaile 's é an áthasach as na £300 púnt a bheith buáidhte aige. Lá arna bháireach chuaidh sé amach ag iasgach mar ba ghnáthach leis 's tháinic an Sean-fheairín go dtí e arís. "Bail ó Dhía ort" arsan Sean-Fheairín.
"Go mbamhlaidh duith" arsa mac an ríogh.
"An bhfuil tú ag marbhú mórán iasg" ar san Sean-Fheairín.
"Muise go deimhin nílim" arsa mac an ríogh.
Muise go deimhin nílim" arsa mac an ríogh. "An n-imthreóchadh tú cluiche cártaí liom" arsan Sean Fheairín. "Ní miste liom" arsa mac an ríogh. D'imir agus bhuaidh mac an ríogh an tarna £300. Níor inis sé dá athair go ndeacha sé ag imirt chor ar bith an chéad oidhche ach d'inis sé an tarna oidhche dhó é. "Anois arsa t-athair sé mo chomhairle-se dhuit ná bí ag imirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meleachlán Mac Gairbhín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Corraidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe