Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 345
- XML “Ainmhithe Fiáine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe FiadháineAn Francach agus an EasógLá amháin bhí fear agus bean ag baint mhóna san bportach. Nuair a tháinic ocras orrtha do shuidhe siad síos le taobh Aille Móire go níosfadh siad a mbéile ann. Nuair a bhí said píosa dhá ithe do thuit píosa aráin ó'n bhfear ar an talamh. Ba gheárr go bhfaca said francach agus easóig ag teacht amach as poll ag iarraidh an phíosa aráin.Thosuigh an péire aca ag troid faoí agus bhí an francach ag fághail an ceann is fearr ar an easóig. Déirigh an fear agus leag sé a chois ar an bhfrancach. Tharla gur sean bhróga a bhí ar an bhfear agus bhí a ordóg amach thríd ach níor rinne an francach ach iompódh thart agus breith ar ordóg ar an bhfear agus píosa de'n ordóig a bhaint dhe. Thosaigh an fear ag sgreadaíl le pian agus chuaidh sé abhaile. Lár na bháireach choinnaic sé an easóig ag an doras agus billeog bheag ghlas ina bhéal aice. Thóig an fear an bhilleog bheag ghlas agus chuir sé le na ordóig í. Uaidh sin amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Báirbre Ní Fhlaithearbhtaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15