Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 387

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 387

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 387
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn cuinneóg ag na daoine san áit seo acht ní bhíonn sé acht ag na daoine a mbíonn flúirse bainne aca. Cuinneóg a thugann na daoine atá san áir seo ae chuigeann. Bíonn sé trí troigh go leith ar aoirde agus tuairim's dhá throigh nó mar sin leitheadh siad na mná a dhéanann an maistire, seo é an tainm thugann siad ar an im a bhárr agus bainne Géar a thugann siad ar an mbainne a bhíonn's san gcuinneóg tar éis an tim a thógáil.
    Tógann siad an t-im le fó-chupán. Má thagann aon duine isteach le linn na ndaoine a beith ag déanamh an mhaistire tugann siad congnamh do'n mnaoí. Nuair a bíonn's siad ag dul ag déanamh maistire cuireann siad miochóid faoí an gcuinneóg. Dhéanann na daoine maistire uair sa tseachtmhaine ins san Samhradh acht san nGeimhreadh ní dheineann siad mórán maistire. Bíonn na mná leath-uair ag deanamh maistire. Oibrigheann na lámha le linn a bheith ag déanamh maistire. Sé an tainm a thugann siad ar an rud a bhíonns ar an gcuinneóg. "Caipín" a thugann siad ar an gclár a mbíonn an poll ann. "Gloine" a thagann ar an maide a bhíonn siad a bhualadh ar an mbainne. Maide cruinn iseadh an "Ghloine" agus maide
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge