Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 419
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh na daoine ag déanamh cáca de coirce fadó. Mhilfidís le bró é. Níl bró ar bith ins an áit anois. Ach bhí siad ann cúpla bliain ó shoin nuair a bídís ag déanam an fuisge. Se an chaoí a milfidís an coirce bhéadh dá bró aca agus iad leagta ar siol aca. Bhíodh píosa maide aníos as ceann aca. Bhéadh beirt aca i ngreim ins an bpíosa mhaide agus iad dá chur timcheall Caithfeadh duine aca lán a gloice síos ins an bpoll a bhíodh í lár an bró agus bídís dá casadh go mbeadg sé milte. Nuair a bhéadh sé milte aca annsin beadh sé ag tuitim amach as an mbró.
Bhíodh na daoine ag déanamh go leór bocstí as fataí. Sé an caoí a ndéanadh siad an bocstí Bíodh píosa stán aca agus chuireadh siad go leor poill ann le tairre. Chuirfeadh siad i bhfastógh i bpíosa chlár é annsin agus bídís ag sgríobadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Corraidhín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe