Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 338
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An FígheadóirTá fígheadóir annseo sa Tráigh Bhán. Sé an tainm atá air Micheál Ó Cátháin. Bíonn sé ag déanamh bréidín. Tá seól aige dhá dhéanamh. Níl mórán maitheasa leis an seól, anois agus agus is beag nach bhfuil an seól chomh sean leis féin. Tá an seól aige le dhá sgór bliadhain. Tá sé féin trí sgór agus deich mbliadhna d'aois agus tá sé ag fághail an phionsúin.
Sé an tainm a bhí ar a bhean Séirín Cholm. Tá sí cáillte anois le trí bliadhna. Tá triúr mac aige agus beirt inghean. Tá teach deas ceann slinne aige. Ní bhíonn sé ag fíochán acht cabhar uair mar níl mórán maitheasa leis an seól. Ní bhíonn mórán daoine ag tabhairt snáthadh aige le haghaidh bréidín. Ní bhíonn aon mhaith leis an mbréidín a dhéanann sé. Tá an fígheadóir ag fághail deich sgilleacha sa tseachtmhain.
Tá an seól déanta as adhmad agus as iarann. Bíonn sé ag obair le na chosa agus le na lamha san t-seól. Bíonn poll mór thíos san urlár agus bíonn cuid den tseol thíos ann. Bhí athair an fhígheadóra an mhaith ag déanamh bréidín, agus bhí cliu agus cáil ag gach duine air. Nuair a bhí a athair ag dul ag fághail bháis cheannaigh sé seól nua do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12