Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 382
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmeacha:
Cupóga,
Seansóga
Buacaill An Tighe,
Luibh na Pínghne,
Neantóga Caoch,
Roileach Bhuidhe,
Meacnach Léodhmhain.
Sgráith Cloch.Cupóga.
Dá ndóghfadh meantóg thú agus cupóg a cuimilt go maith air, dhéanfadh sé maith dhuit.
Seansóga,
Dhá mbeadh casacht ort, agus seansóg a ithe bainfheá súgh gear as agus é a caitheamh amach arít ach ní dochair é a shluighe.
Buachaill an Tighe.
Dá dtuibharfadh na sídheógaí duine uair an luibh sin a bhéadh ag fás ar theach a cur síos agus bainne a chur air. Cúpla spúneóg de sin a tabhairt don duine agus thiocfadh sé ar ais.
Luibh na Pínghne.
Deanfadh sé sin maith do pian in do bholg acht é léagh ar bhainne te. Tá deanamh pinghin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe