Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá roilig annseo againn san Tráigh Bhán Tá sgonsa mór cearnógach timceall na roilige. Tá tuambha mór san roilig agus sé an tainm ata air Máire Ní Dhomhnall, a cuireadh ins san roilig seo sa bhlian 1933. Sí a highnean Caith Ní Dhomhnall a chur an tuambha sin ar a máthair. Díoc sí suas le dhá phúnta déag an ar [?] leac mhór sin Tá déanamh crois ar an tuambha. Nuair a chualadh an cailín sin go raibh a máthair go dona mar bhí an Cailín Cáit Ní Dhomhnall i Mericá nuair a chualadh sí sin tháinig sí abhaile go hÉirinn ar fatchíos go gcáillfí í. Ní raibh sí acht coighcís sa mbaile nuair a cailleadh a máthair.
    Chur sise tuambha uirrthí. Is in Americá a saothruigh sí an tairgead. Maireann Cáit fós mhar phós sí bliadhain agus dhá mhí tar éis dhá máthair bás fághail. Tá sí ceithre bliadhna agus deich mí pósta. Tá tuambhaí eile san roilig seachus iad sin. Tá suas le ocht gcinn uilig ann. Tá croseanna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe