Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 378

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 378

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 378
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobaireacha Beannuighthe.
    Tá go leór tobaireacha beannuighthe in mo Phárraiste acht tá trí cínn mhóra ann agus seo é an t-ainm atá orrtha.
    Tobar an Aircín -:
    Sa Tráigh Bhán.
    Tobar Naomh Áine -:
    i Dtír An Fhiaidh.
    Tobar Cholm cille -:
    San gCeathramhan Ruadh.
    Tá tobar an Aircín san Tráigh Bháin. Sé Naomh Aircín a chuir ar bun é. Téigheann muintir na h áite go dtí é sin gach Domnach go mór mór na daoine nach dtéigheann ag aon Aifreann. Sé an chaoí a dtugann siad an turas tugann siad naoí gclocha beaga leó agus téigheann siad timceall trí h uaire agus caitheann siad trí clocha ag an tobar nuair a téigheann siad timhcheall.
    Tá tobar Naomh Áine i Dtír An Fhiaidh agus deanann na daoine san áit sin turas trí uaire san mbliadhain. Fághánn siad leigheas as an tobar sin agus caitheann siad rud éigin ann nuair a bhíonn's siad ag dul abhaile. Tugann cuid de na sean dhaoine buidéal de'n uisge abhaile leó ar faitcíos nach mbeidís indon a theacht aríst.
    Tá tobar Cholm Cille san gCeathramhan Ruadh. Sé Naomh Colm Cille a chuir ar bun an tobar sin. Téigheann na daoine go dtí é sin uair sa mbliadhain ar fead trí bliadhna agus caiteann cuid aca airgead timhcheall air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe