Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 287
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin arsa an buachaill fiche punt sa mbliadhain an tairgead a bheidheas le fághail agat. Nuair a bhí sé bliadhain leis dubhairt sé leis fanacht leis seacht mbliadhna eile. Nuair a bhí na hocht mbliadhna istigh aige dubhairt sé leis an mbuachaill rud ar bith ba mhaith leis a dhéanamh é a dhéanamh anois. Dubhairt sé go mbu mhaith leis a bheith in a shagairt. Chuaidh sé isteach le bheith in shagairt agus ní raibh sé i bhfhad istigh nuair a tháinig sé amach aríst agus é in a shagart. Annsin dubhairt sé go rachadh sé abhaile le feiceál cé an chaoi a raibh a mhuinntir. Bhí sé ag imtheacht leis agus casadh buachaill agus cailín leis.
D'fhiarr sé dhóibh an raibh aon fhios acú cé an áit a raibh a leithéide seo go theach agus dubhairt siad go raibh sé tuithte agus go raibh an fear cailte le bliadhain agus go raibh an bhean faoi thóradh indiu. Chuaidh sé ag an teach agus bhí an teach lán le daoine acht ní hé a theach fhéin a bhí ann. D'fhiarr sé go na daoine a ndeacha aon Ola ar an mbean agus dubhairt siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Conróigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe