Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach ndeacha. Dubhairt sé leóbhtha an teach a fhágháil agus chuaidh sé ag an áit a raibh an chorp agus thosaigh sé ag léigheamh ós a cionn agus shuidh sí suas agus thosaigh sí ag cainnt. D'fiarr sé di cé an áit a raibh siad ó shoin dubhairt sí go raibh siad i nifrinn. D'fhiarr sé dhuithe an bhféadfhadh rud ar bith iad a thabhairt as. Dubhairt sí go bhféadfhadh aon rud amháin iad a thabhairt as. sin a mac a bheith in a shagart agus é imtheacht leis go dtuitfheadh an téadach anuas dhá chraiceann. Dimthigh sé leis agus níor bhain sé dhe a chuid éadaigh nó go raibh siad lobhtha shuas ar a chraiceann agus níor bheárr sé é fhéin. Bhí sé ag imtheacht leis mar sin go raibh na seacht mbliadhna shuas. Thuit deireadh na seacht mbliadhna ar Oidhche Nodlag. Chuaidh sé ag an bhfeilméaraidhe a raibh sé ag múnadh na bpáiste dhó. Chuaidh sé ag an doras acht ní raibh an fear isthigh. Níor leig an bhean isteach é mar gheal ar an méid gruaige a bhí air freisin. Dimthigh sé thart ar an teach agus chuaidh sé isteach sa ngáirdín agus sáith sé é fhéin isteach ins an gcruaich choirce.
Nuair a tháinig an fear isteach dinnis an bhean an sgéal dhó. D'fhiarr sé dhuithche cé an áit a ndeacha sé. Dubhairt sí go ndeacha sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Conróigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe