Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Séamus Breathnach (ar lean)
“Bhí mhac baintrighe ann uair amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)nó gur dhubhairt sé an chainnt chéadhna a dubhairt sé an oidhche roimhe sin.
D'imthigh sé abhaile aríst mar a dimthigh sé an chéad lá.
Thug siad cuireadh dhó a theacht oidhche eile acú agus tháinig sé acú.
Dubhairt an fear an chainnt chéadhna aríst, agus chuaidh sé a chodhlad leóbhta.
An tríomhadh maidin nuair a bhí sé ag teacht abhaile aríst, bí abhainn roimhe ar an mbealach agus chaitheadh sé léim thar an abhainn chuile uair nuair a bhíodh sé ag dul ag an teach seo.
Ag teacht arais ar maidin dó ní raibh sé inann léim a chathadh thar an abhainn agus bhí air siubhal thríd.
Bhí fear ina comhnaidh in aice na h-aibhne.
D'fhiarr sé d'en fhear tuige a gcaitheadh sé an abhainn chuile thráthnóna agus tuige a gcaitheadh sé siubhal thríd. gach maidin.
D'innis sé don fhear cé'n ócáid a raibh sé air, agus cé'n fáth nach mbíodh sé inann dul go léim thar an abhainn gach maidin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Bhearshúiligh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Bhearshúiligh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe