Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 129
- XML “An tSiamhá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ó níl aon mhac agamsa le tabhairt duit" ars an fear.
"Ní beidh tú mar sin" ars an tSíamhá . Beidh mac agat fé cheann bliana.
Fágadh mar sin an scéal agus bhuail an fear an bóthar aníos agus chuaidh sé abhaile do féin. Bhí cliabh éisc aige. Bhíodh cliabh agus dhá cliabh éisc aige agus ualach éisc gach lá as san amach.
Tar éis trí ráithe saoghaluigheadh mac dhó. D'eirigh an mac suas ina bhuachaill breágh go dtí go raibh sé bliadhain a's fiche.
Bhí scannradh an domhain ar an athair roimis an Siamhá, mar bhíodh sé ag cuimhneamh uirthi i ngan fhios do'n tsaoghal. Bhí sé suidhte ar chathaoir sa chistin tráthnóna a's é go buadhartha dubhrónach. Thug an mac fé ndeara é agus d'fhiafruig an mac dhó cad é an míd-shásamh a bhí air.
"Ta mo dhá dhóithin mídh-shásaimh orm" arsa an t-athair. "Ó a athair innis dom é nó ní bhead sásta go deó airís" "A leithéad seo" arsa an an t-athair agus d'eachtraigh sé do'n mac scéal an tSíamhá tríd síos.
"Ná bíodh buadhairt ná aon rud ort a athair" ars an mac; "Ní thiocfaidh sí sin go deo ag triall ormsa. Baileóchad-sa liom ar maidin amáireach tríd na mbailte móra suas. Geallaim duit nach baoghal domsa í agus ná bí ag cuineamh uirthi."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí