Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “An tSiamhá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Cuirimse mar chleasa droma draoidheachta ort dul go dtí'n Domhan Toir mar a bhfuil m'aintín a's an caol each donn atá ceangailte do chúl dorais an stábla a thabhairt chúgham. Preab anáirde air ag teacht thar n-ais dhuit a's geallaimse duit ná beidh tú i bhfad ag teacht thar nais."
    Tháinig sé go buaille an chailín agus í aige.
    "Thair shuas anois ar mhullach na tortóige sin a's léim na staiceanna san síos a's suas," arsa an cailín.
    Dhein sé amhlaidh gan mórán moille.
    "Ó," ar sise, "tusa an fear a phósfadsa, agus ní phósfad aoinne do deó ach tú."
    Chuir sí an scéal fé bhrághaid a hathar agus thoilig sé leis. Pósadh iad, agus is iad a bhí go sásta.
    Maidean bhréagh d'imthigheadar beirt acu a's cóisde acu go raghaidís chun muinntir an bhuachalla d'feiscint. Sa tslíghe dhóibh do ghabhadar thar bhothar uaigneach cois fairrge.
    Chonnaic an buachaill an taoide a's an uain ag eirghe amuigh sa bhfharraige.
    "Ó Dia linn, tá an Siamhá ag teacht ar mo thóir," arsa an buachaill.
    Bhí an uain ag eirghe chomh hárd leis na cnoic agus an Síamha istig innti. Le corp draoidheachta thóg an tSíomhá an lánamha isteach sa tonn léi agus isteach go dtí tig fé bhun na mara.
    "Nára Dé do bheatha annso," arsan tSiamhá.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chéarna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 80
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí