Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 133
- XML “An Brealsún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí ceathrar dritheár in aon tig amháin uair. Leath amadán breallsúnach ab'eadh duine díobh. D'imthigh sé do féin ag tuilleamh a pháigh a's gan a fhios ag aoinne cá raibh sé.
Bhí rí ar an gceanntar ina raibh an Breallsún ag obair. Bhí inghean áluinn aige agus sé an pláinéad a bhí aici ná go dtiocfadh piast na farraige agus go sloigfeadh sé í nuair a bheadh sí bliadhain a's fiche. Bhí an phiast le h'eirghe amuigh sa chuan chun í d'itheadh, a's bhí sé do gheasa ar an Rí an cailín a bheith na suidhe ar chathaoir ar an lá áirithe san ó's cómhair na trágha amach. Bhí an ríoghacht go léir bailighthe ar bhruach na trágha ag feachaint ar an óigbhean áluinn.
Ní raibh aon fhear sa ríoghacht go mbeadh sé do mhisneach aige tabhairt fe'n bpéist a mharbhú mar bhí fhios acu chómh cómhachtach nimhneach a's a bhí sí.
Bhí an cailín ina suidhe ar chathaoir ar bhruach na trágha agus í ag faire ar an oll-phiast a bhí le teacht chun í a shlogadh.
D'eirig an phiast amuigh. D'eirig an Breallsún istig agus rug ar a chlaidheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann