Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 135
- XML “Ruacáin”
- XML “Ceist”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Connus atá an oidhche a mhic," arsan Gárlach Coileánach le na mhac.
"Tá sí spéireannach réalthannach tirm, ceódhach reódhach fliuch agus í ag iompódh chun seaca," arsa an mac.
"Nach ait an chuma go bhfuil sí," arsan fear.
"Ní haite é ná an fheóil go léir a bheith na haé," ars an mac.
"Cad a bhéarfadh na h-aé í," ars an t-athair.
"Níor thug mo leasmháthair domsa ach an aé," arsan garsún, "agus dúbhairt sí liom gur b'aé ar fad a bhí innte."
B'fada é ag feitheamh leis an seans chun an leasmháthar a ghearán do'n athair, agus fuair sé an seans sa deire. - Fuaireas nead fuiseóige i sliabh, i bpollaín dian daingean docht, fé bhun an chúilín casta craobhaig, is a bhfuil aon mac rí in Éirinn a réidhteóchaidh mo cheist[?]
Freagra:
Fear a cailleadh agus dhein fuiseóg nead i bpoll a shúl nuair a loibh a chuid feóla.
--
Ceist:
Cím chúgham aniar láir glas is í ag seitrigh, spara iarainn trí na(leanann ar an chéad leathanach eile)