Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “An Gadaí Óg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí Sean imthighthe a's gan blúire do féin ná do'n stail le feiscint. Chuaidh Seán abhaile ar a shocaracht go dtí tig an bitheamhnaig mhóir agus leath a dhá shúil air nuair chonnaic sé Seán agus an stail aige. Bhuail Seán an stail isteach sa phluais a bhí acu, go dtí amáireach, agus bhuail sé amach do féin ó'n bpluais.
    "Ar m'anam," ars an bitheamhnach mór le na bhean, "cuirfidh an bitheamhnach óg san deire liomsa ar fad. Caithfhead deire a chur leis i slighe éicin. Ní'l aon rud is fearra dhom a dheanamh ná é a chur 'o'n chroich."
    Ghlaoidh sé chuige Seán ar maidin amáireach agus thug sé siar 'on gháirdín é. Bhí croch annsan aige agus stáitse fé na bhun. Dubhairt sé le Seán dul anáirde agus an teadán a bhí ó bharra an phoilín a chur ar a mhuineál, mar gur b'sin plean ná raibh múinte aige fós dó.
    "Sé do cheart féin dul anáirde rómham agus é a theasbáint dom." Chuaidh an bitheamhnach críonna an'áirde 'á theasbáint do Sheán. Bhuail sé an téadán ar a mhuineál. Níor dhein Seán ach an stáitse a tharrac agus b'seo anuas ar crochadh é. Bhí sé ag lúbarnaig agus ag scaratuighil agus níor bh'fada gur éag sé. D'imthig Seán isteach go dtí an mbean ar séirse mar dheadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Catháin
    Inscne
    Fireann