Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thiocfhaidh siad úrla do shnáithín glas a thabhairt leó agus sceach gheal agus buidéal uisce coisreacan. Casaidís an snáth glas ortha féin trí huaire agus deinidís bogha de'n snáithín timcheall ortha féin agus glaodhaidís ar m'ainm-se. Tiocfhadsa chúcha im shaoghal is im shláinte chómh maith is bhíos riamh," ars an bhean.
Scríbh sé an litir go dtí a mhuinntir agus bhí sceón ionnta. Chuadar go dtí an sagart agus d'aithriseadar an scéal fó. Ní leigfheadh an sagart síos go Liosmuaidh é in aonchor, cé go raibh sé i gcás idir dhá chómhairle.
Muna mbeadh an fear a bheith pósta cheana an dara huair raghadh sé síos agus thabharfhad sé abhaile í.- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí